Na San Patricios
Daichead a seacht i bhfad ró dhian, cailleadh anso iad ‘s i bhfad i gcéin,
Cailleadh iad i ngleanntá glasa na hÉireann, is crochadar ar cláracha Mheicsiceo
Dhá scór fearaibh ag feitheamh le bás, sínte ar chroch ba thrua a gcás,
le teas millteanach an mhéan lae, thugadar leo go bhflaitheas dé
Daichead a seacht i bhfad ró chrua, cos ar bholg gan stad, gan suan,
Ó Vera Cruz le brathach in airde, baileadar go cróga le céile
Naomh Pádraig ‘s a cros, ‘s iomaí fear a déag faoin breatach glas
Lámh ar lámh le chéile, gach beachaint á réabadh
Os cionn scamaill gan céilúir n-éan General Lee lena airm féin
Cuireadh ruaig ar airm Valencia, ach d-éalaímar go caithair Mheicsiceo
I ngort arbhar bhí na poncán clúdaithe, thit siad ar an dtalamh lenár gunaí morá
Lámh ar lámh le chéile gach beachaint á reabadh
Luascadh an breatach bán trí uaire, fós gearr Riley é síos gan bac air,
Géill siad faraor in ísle brí, i lochán dá fhuil féinig
An Cruit, Naomh Padraig, ‘s a cros “Éirinn go brách” ar bhreatach glas,
Go dilís le chéile ‘s gunaí a pléascadh, gach beachaint á reabadh
Dhá scór fearaibh ag feitheamh le bás, sínte ar chroch ba thrua a gcás
Le teas millteanach an mhéan lae thugadar leo go bhflaitheas dé.